Má roghnaíodh thú le páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht soghluaisteachta Erasmus+ nó Chór Dlúthpháirtíochta na hEorpa, ba cheart go mbeadh cuireadh faighte agat ar an r-phost ó d’institiúid/d’eagraíocht seolta ina raibh do logáil isteach agus do phasfhocal chun teacht ar an measúnú teanga OLS. Is í d’institiúid/d’eagraíocht seolta amháin ar féidir léi na sonraí logála isteach sin, chun teacht ar an measúnú teanga, a sheoladh chugat.
Mura bhfuair tú an cuireadh sin ar an r-phost, seiceáil d’fhillteán turscair/do tháb dramhphoist i do bhosca isteach, nó déan teagmháil le d’institiúid/d’eagraíocht seolta (Comhordaitheoir), más é do thoil é.
Tabhair faoi deara le do thoil: más rud é go bhfuair tú scór C2 i do chéad mheasúnú teanga, ní bheidh ort measúnú deiridh a dhéanamh. Mar sin, ní sheolfar cuireadh chugat chun an measúnú deiridh a dhéanamh.