Tar éis do thionscadal a bheith bailíochtaithe ag do Ghníomhaireacht Náisiúnta, ba cheart go bhfaighfeá cuireadh go huathoibríoch ar an r-phost, a mbeadh na dintiúir ann chun rochtain a fháil ar Chóras Bainistíochta Ceadúnais OLS. Nuair a dhéanann do GN bailíochtú ar do thionscadal, cuireann sí do chuid sonraí isteach in ErasmusPlusLink, agus déantar iad seo a chomhtháthú de láimh leis an OLS. Is í an oibríocht dheiridh seo a ghineann r-phost uathoibríoch ina mbíonn do dhintiúir rochtana agus a thugann cuireadh duit nasc a dhéanamh le do Chóras Bainistíochta Ceadúnais OLS.
Molaimid duit fáil amach ar tháinig an r-phost isteach i bhfillteán dramhphoist (turscar) d’institiúide/d’eagraíochta.
Sa chás nach féidir leat teacht ar an r-phost seo, níl le déanamh agat ach cliceáil ar an nasc “Pasfhocal Dearmadta Agat” chun pasfhocal nua a fháil. Chomh maith leis sin, is féidir leat dul i dteagmháil le do Ghníomhaireacht Náisiúnta lena dheimhniú go bhfuil do thionscadal bailíochtaithe go fírinneach.
Ar deireadh, mura bhfuil an r-phost faighte fós agat, ba cheart duit seiceáil le do rannóg TF go bhfuil na seoltaí support@erasmusplusols.eu agus no-reply@erasmusplusols.eu cuimsithe i liosta bán na seoltaí iontaofa, lena chinntiú go dtagann teachtaireachtaí chugat mar is cóir agus nach seoltar chuig do dhramhphost iad.