An treoir úsáideora maidir leis
an measúnú teanga
Foghlaim teangacha le OLS
- Réamhrá
- Rochtain agus logáil isteach ar ardán OLS
- Comhlánaigh do phróifíl OLS
- Comhlánaigh do Phróifíl Shoghluaisteachta OLS
- Teacht ar an measúnú teanga OLS
- Cuir an measúnú teanga OLS i gcrích
- Torthaí an mheasúnaithe teanga
- Tacaíocht
Réamhrá
Fáilte go dtí an treoir úsáideora maidir le measúnú teanga OLS. Gheobhaidh tú eolas sa doiciméad seo maidir le conas logáil isteach, an measúnú teanga a dhéanamh, agus do thorthaí a rochtain ar ardán OLS. Cabhróidh an treoir seo leat deimhin a dhéanamh de go léiríonn toradh an mheasúnaithe teanga do leibhéal teanga sa teanga ina mbeidh tú ag obair nó ag staidéar le linn na tréimhse soghluaisteachta.
Rochtain agus logáil isteach ar ardán OLS
Chun rochtain a fháil ar mheasúnuithe teanga OLS, caithfidh tú do chuntas úsáideora a ghníomhachtú. Ba cheart go mbeadh cuireadh faighte agat ar r-phost uathoibríoch agus nasc ann. Cliceáil ar an nasc sin chun do chuntas a chur i ngníomh. Níl le déanamh ach an nasc sa r-phost sin a leanúint chun do chuntas a chur i ngníomh, ansin déan nascadh trí https://app.erasmusplusols.eu/ga.
Más rud é nach cuimhin leat do phasfhocal , cliceáil ar “An bhfuil do phasfhocal dearmadta agat?”
Comhlánaigh do phróifíl OLS
Nuair a bheas tú logáilte isteach, iarrfar ort do phróifíl a chur in eagar agus i gcrích le do shonraí pearsanta. Réimsí riachtanacha is ea na réimsí a bhfuil réiltín dearg * ag gabháil leo.
Dá mba mhaith leat an pasfhocal a athrú, comhlánaigh an réimse “Pasfhocal Nua” agus ansin deimhnigh é sa réimse “Deimhniú an Phasfhocail Nua”.
Roimh chliceáil ar "Sábháil na mionathruithe seo" duit, ba cheart duit an 'Fógra Dlíthiúil' maidir le cosaint sonraí a léamh go cúramach. Caithfidh tú glacadh leis na tearmaí maidir le cosaint agus príobháideachas sonraí roimh shábháil do phróifíle duit, nó ní bheidh tú in ann dul ar aghaidh.
Nuair a bheas do phróifíl críochnaithe agat, cliceáil "Sábháil na mionathruithe seo" le dul ar aghaidh.
Comhlánaigh do Phróifíl Shoghluaisteachta OLS
Nuair a bheas do phróifíl phearsanta comhlánaithe agat, iarrfar ort do phróifíl a chur in eagar a thuilleadh trí do shonraí pearsanta faoi do shogluaisteacht Erasmus+ nó Chór Dlúthpháirtíochta na hEorpa a chomhlánú. Réimsí riachtanacha is ea na réimsí a bhfuil réiltín dearg * ag gabháil leo.
Déanfaidh tú an measúnú sa teanga atá roghnaithe ag an eagraíocht/institiúid seolta atá agat mar an phríomhtheanga teagaisc nó oibre le haghaidh do thréimhse soghluaisteachta. Léirítear an teanga sin faoin lipéad “An teanga a thástálfar”. Ní féidir leat an réimse seo a athrú. Má mheasann tú go bhfuil an teanga mícheart, éirigh as cruthú do phróifíle agus déan teagmháil leis an eagraíocht/institiúid seolta atá agat.
Anuas air sin, caithfidh tú na dátaí a bhaineann le do thréimhse shoghluaisteachta a nuashonrú. Tá tábhacht ar leith ag baint le dátaí measta na tréimhse soghluaisteachta, toisc go socrófar an dáta don dara measúnú teanga a bheas agat bunaithe ar na dátaí sin. Tabhair aird faoi leith, le do thoil, ar an dáta fillte, agus tabhair faoi deara nach féidir le do thréimhse a bheith níos faide ná 13 mhí.
Déan an crios ama ina mbeidh tú ag staidéar nó ag obair le linn na soghluaisteachta a chur isteach chomh maith,. Seans go mbeidh sé sin tábhachtach amach anseo i gcomhair na ngníomhaíochtaí oiliúna beo atá ar an ardán (más rud é go roghnaíonn d’eagraíocht/d’institiúid seolta tú chun freastal ar chúrsa teanga OLS ar líne.).
A luaithe agus a bheidh do phróifíl shoghluaisteachta críochnaithe agat, seolfar cuireadh chugat chun páirt a ghlacadh i soghluaisteacht nua. Cliceáil ar “Cuir soghluaisteacht leis” chun an tsoghluaisteacht sin a chur le do chuntas OLS.
Beidh seans agat ansin cúrsa teanga OLS a leanúint i dteanga áitiúil/dteangacha áitiúla na spriocthíre.
Tabhair faoi deara nach mbaineann an teanga áitiúil ach le cúrsaí teanga; ní bhaineann sí leis an measúnú teanga. Sin an fáth go mbeidh an measúnú deiridh teanga sa teanga a roghnaíodh don chéad mheasúnú teanga, mar is í an teanga sin do phríomhtheanga teagaisc/oibre.
Tabhair ar d’aird, freisin, nach mór duit do phróifíl phearsanta a chomhlánú chomh maith le do phróifíl shoghluaisteachta sula dtosaítear ar an measúnú teanga.
Teacht ar an measúnú teanga OLS
Nuair a bheas do phróifíl críochnaithe agat, taispeánfar tús eolais ar an measúnú teanga. Má theastaíonn uait do phróifíl phearsanta a athrú sa bhreis ag an bpointe seo, cliceáil ar "Cuir mo phróifíl in eagar", sa chúinne bairr ar chlé ar do scáileán.
Is féidir go mbeadh ceann amháin nó roinnt boscaí soghluaisteachta ar fáil ar an leathanach seo (má bhíonn an iliomad soghluaisteachtaí i gceist agat). Déantar na boscaí soghluaisteachta a rangú ón gceann is deireanaí go dtí an ceann is sine. Is féidir leat do phróifíl shoghluaisteacht a chur in eagar tríd an deilbhín marcála in uachtar ar thaobh na láimhe deise .
- Trí chliceáil ar “Tosaigh mo chéad mheasúnú teanga” taobh istigh de do bhosca soghluaisteachta, is féidir leat tús a chur le do chéad mheasúnú.
- Tar éis duit do chéad mheasúnú teanga a dhéanamh, taispeánfar na torthaí ar thaobh clé do bhosca shoghluaisteachta. Trí chliceáil ar “Torthaí” gheobhaidh tú anailís níos mionsonraithe ar thorthaí do chéad mheasúnaithe teanga.
- Ar thaobh deas do leathanaigh shoghluaisteachta, is féidir leat fógra a fháil a inseoidh duit cén uair a bheidh do mheasúnú teanga deiridh ar fáil. Ach a mbeidh sé ar fáil, beidh tú ábalta é a thosú trí chliceáil ar an gcnaipe “Tosaigh mo mheasúnú teanga deiridh”. Ní mór duit an measúnú teanga deiridh seo a chríochnú ag deireadh do thréimhse soghluaisteachta chun an dul chun cinn a rinne tú sa teanga i rith do thréimhse thar lear a sheiceáil. Níl aon difríocht idir an chéad mheasúnú teanga OLS (roimh an tsoghluaisteacht) agus an measúnú teanga deiridh OLS (ag deireadh na soghluaisteachta), ach b’fhéidir go mbeidh na ceisteanna éagsúil mar is measúnú oiriúnaithe atá ann. Ó tharla go bhfuil an dá mheasúnú bunaithe ar an modheolaíocht chéanna, is féidir an feabhas a tháinig ar do scileanna teanga i rith do thréimhse soghluaisteachta a thomhas.
- Ag deireadh do thréimhse soghluaisteachta (mar a léirítear i do bhosca soghluaisteachta í) is féidir leat teacht ar do thaifead rannpháirtíochta ach cliceáil ar “Mo thaifead rannpháirtíochta”.
Déanfaidh an córas do chumraíocht fuaime a thástáil. Cliceáil ar "Cliceáil chun éisteacht" le seiceáil an féidir leat fuaim a chloisteáil tríd an gcallaire nó an cluaisín. (Bí cinnte go bhfuil do challairí casta air.)
Ba cheart duit “Tá” a roghnú más rud é gur oibrigh an tástáil fuaime. Más rud é nár oibrigh an tástáil fuaime, ba cheart duit “Níl” a roghnú, agus tiocfaidh teachtaireacht eile aníos ar a dtaispeánfar liosta gníomhartha atá le déanamh chun an fhuaim a chur i bhfeidhm.
Tar éis “Tá” a roghnú, roghnaigh “Lean ar aghaidh” agus ansin beidh tú in ann do mheasúnú teanga a thosú faoi dheireadh.
Cuir an measúnú teanga OLS i gcrích
Tógann an measúnú idir 30 agus 35 nóiméad, ar an meán. Níl aon teorainn ama ann áfach, agus is féidir leat an méid ama is mian leat a thógáil chun an measúnú a chur i gcrích.
Is éard is cúis leis na codanna éagsúla tástála sin ná do chumas cumarsáide a mheas chomh maith le do chuid scileanna gramadaí, foclóireachta agus litrithe ar bhealach atá comhtháite.
Más gá duit éirí as an measúnú teanga ag aon am, nó má bhíonn fadhb theicniúil agat le linn na tástála, beidh tú in ann é a atosú ag tús na coda a raibh tú uirthi cheana. Tabhair aire, nach mbeidh tú in ann dul ar ais chuig an gceist roimhe tar éis duit d’fhreagra a roghnú agus cliceáil ar “lean ar aghaidh”. Mura bhfuil freagra ceiste éigin ar eolas agat, roghnaigh “lean ar aghaidh” agus lean ar aghaidh leis an measúnú gan freagra a roghnú.
Gramadach
Sa chéad chuid, déanfar measúnú ar do chumas sa ghramadach. Áirítear dhá chineál ceachta sa chuid seo: ceisteanna ilroghnacha agus ceisteanna oscailte líon na bearnaí, agus tá 20 ceist ann.
Taispeántar sa sampla thíos ceist ilroghnach ar a gcaithfear an rogha ceart a roghnú ó liosta tearmaí trí chliceáil ar an gciorcal beag in aice le gach rogha. Ansin, déantar, “lean ar aghaidh" a roghnú chun dul ar aghaidh go dtí an chéad cheist eile.
Ag barr an scáileáin ar dheis, is féidir leat leibhéal deacrachta gach ceist a fheiceáil: méadofar nó laghdófar an chastacht de réir an leibhéil teanga atá agat. Tosaíonn an córas, de réir réamhshocraithe, le ceist ag leibhéal A2 (CTE). Ag bun an leathanaigh, is féidir leat dul chun cinn do mheasúnaithe a sheiceáil. Léirítear líon na gceisteanna a freagraíodh i ngach cill atá líonta agus taispeánann an barra dul chun cinn na ceithre chuid a mbeidh ort iad a dhéanamh chun do mheasúnú a chur i gcrích.
Stór Focal
Sa dara cuid, déanfar measúnú ar do chumas foclóireachta, agus tá 15 cheist inti. Maraon leis an gcuid roimhe, beidh ort ceisteanna ilroghnacha agus ceisteanna oscailte líon na bearnaí, a fhreagairt, tríd an focal/na focail (ainmfhocal, aidiacht, briathar, forainm nó réamhfhocal), an frása nó an cor cainte ceart a roghnú de réir an chomhthéacs a thabharfar duit.
Tuiscint na cainte
Sa tríú cuid, a bhfuil 10 gceist inti, déanfar measúnú ar do chuid scileanna i ndáil le tuiscint na cainte. Beidh gach ceist bunaithe ar shliocht fuaime. Féadfaidh tú an cháilíocht fuaime ar do ghléas a sheiceáil trí chliceáil ar an deilbhín callaire ar thaobh na láimhe deise ar an réamhleathanach. Le héisteacht leis an rian, cliceáil ar an gcallaire. Beidh tú in ann éisteacht le gach sliocht fuaime dhá huaire ar a mhéad.
Molaimid go léifidh tú an cheist agus na freagraí féideartha ar a laghad uair amháin sula n-éistfidh tú leis an sliocht fuaime. Tá gach ceist i bhfoirm ceiste ilroghnaí atá bunaithe ar chomhrá nó ar mhonalóg ghearr. Mar shampla, is é an leagan tras-scríofa don cheist thíos ná: "Speaker: Jim, how long do you spend on the computer every day? - Jim: usually 4 hours during the week but I don't work on it at the weekend":
Nó ní bheidh ort ach focal nó frása a úsáideadh sa chomhrá a aithint, mar a thaispeántar sa dá sheat scáileáin thíos:
D’fhéadfaí go n-iarrfaí ort an comhthéacs cumarsáide a bhaineann le comhrá ar leith a aithint, rud a bheadh léirithe trí réimse gnéithe (ton diailithe, an cineál teanga a úsáidtear: "Charles speaking", etc.):
Tuiscint na léitheoireachta
Tá sé d’aidhm ag an gcuid dheireanach, a bhfuil 10 gceist inti, measúnú a dhéanamh ar do chumas sliocht téacs a thuiscint. Braithfidh an cineál téacs a chuirfear i láthair ar dheacracht na ceiste, agus d’fhéadfaí na téacsanna seo a leanas a chur san áireamh: sleachta ó ailt nuachtáin, fógraí, litreacha, ríomhphoist nó sleachta litearthachta.
Torthaí an mheasúnaithe teanga
Nuair a bheas na 4 chuid den mheasúnú déanta agat, gheobhaidh tú anailís shonrach faoi mar a d’éirigh leat, mar a thaispeántar sa leathanach torthaí seo thíos:
Ar bharr an scáileáin ar chlé, léirítear do leibhéal foriomlán teanga de réir an CTE, chomh maith le cur síos gearr ar an leibhéal atá bainte amach agat. Léiríonn an léaráid ar thaobh na láimhe deise cá bhfuil tú ar d’aistear foghlamtha teanga.
I lár an leathanaigh, tugtar aiseolas níos suntasaí mar gheall ar gach inniúlacht teanga.
Má chliceálann tú ar "Sábháil agus Priontáil do thuairisc mheastóireachta" beidh tú in ann seat den scáileán le torthaí do mheasúnaithe a phriontáil amach.
Beidh tú ábalta, freisin, comhad pdf de do thorthaí a íoslódáil ar do leathanach fáilte ach cliceáil ar an gcnaipe “Torthaí mo chéad mheasúnaithe teanga”, atá suite ar bharr an leathanaigh. Tabhair aire chomh maith le do thoil, nach mbeidh tú in ann do mheasúnú teanga a dhéanamh an athuair, nuair a bheas sé críochnaithe, agus do chuid torthaí faighte agat. D’fhéadfaí gur deis mhaith í seo chun leas a bhaint as do mheasúnú. Molaimid go ndéanfaidh tú nuashonrú ar do CV leis an leibhéal teanga is déanaí atá agat.
Ní bhfaighidh ach tusa agus an institiúid/eagraíocht atá i bhfeighil ar do roghnúchán, nó atá i mbun comhordaithe ar do thionscadal deonaithe, na torthaí ó do mheasúnú teanga. I gcás mac léinn ardoideachais, agus oiliúnaithe, ní chuirfear na torthaí ar aghaidh go dtí an institiúid/eagraíocht ghlactha. I gcás oibrithe deonacha Erasmus+ agus foghlaimeoirí VET, ní chuirfear torthaí ar aghaidh go dtí eagraíocht(aí) eile sa tionscadal go huathoibríoch.
Ní chuireann na torthaí ó mheasúnuithe teanga OLS bac ar aon duine páirt a ghlacadh i gcláir shoghluaisteachta Erasmus+ nó Chór Dlúthpháirtíochta na hEorpa. D’fhéadfadh an institiúid/eagraíocht seolta a torthaí a úsáid chun na rannpháirtithe is mó a bhfuil tacaíocht teanga ag teastáil uathu a aithint.
Ag deireadh do thréimhse soghluaisteachta Erasmus+ nó Chór Dlúthpháirtíochta na hEorpa, beidh ort measúnú teanga eile a dhéanamh chun an dul chun cinn atá déanta agat i d’inniúlacht teanga le linn do thréimhse thar lear a sheiceáil. Ar do leathanach fáilte, gheobhaidh tú fógra a inseoidh duit cén uair a bheidh do mheasúnú teanga deiridh ar fáil.
Ach a mbeidh sé ar fáil, beidh tú ábalta tús a chur leis trí chliceáil ar an gcnaipe “Tosaigh mo mheasúnú teanga deiridh” ar bharr do leathanaigh baile. Níl aon difríocht ann idir an chéad mheasúnú teanga OLS (roimh an tsoghluaisteacht) agus an dara ceann (ina diaidh), ach d’fhéadfadh na ceisteanna a bheith éagsúil toisc go bhfuil an measúnú oiriúnaitheach. Is feidir an dul chun cinn atá déanta agat le linn do thréimhse soghluaisteachta a thomhas de bharr go bhfuil an dá mheasúnú bunaithe ar na prionsabail chéanna.
Beidh tú ábalta comhad pdf de thorthaí do mheasúnaithe teanga dheiridh a íoslódáil ach cliceáil ar an gcnaipe “Torthaí mo mheasúnaithe dheiridh” ar do leathanach fáilte.
Ní bheidh iarmhairtí diúltacha ar bith ann más rud é nach dtagann athrú ar do leibhéal teanga le linn do chláir shoghluaisteachta Erasmus+ nó Chór Dlúthpháirtíochta na hEorpa.
D’fhéadfadh an Coimisiún Eorpach sonraí comhiomlánaithe ó na measúnuithe teanga a úsáid ar mhaithe le staidreamh.
Tacaíocht
Má thagann deacrachtaí romhat agus tú i mbun an mheasúnaithe teanga, déan teagmháil lenár bhfoireann tacaíochta teicniúla trí chliceáil ar “Tuairiscigh fadhb” sa choirnéal uachtair ar dheis am ar bith le linn an mheasúnaithe teanga. Má thagann aon deacracht romhat agus tú i mbun an mheasúnaithe teanga ar an aip OLS, scoir den mheasúnú, más é do thoil é, agus déan teagmháil lenár bhfoireann tacaíochta teicniúla trí chliceáil ar “Tuairiscigh Fadhb”.
Go n-éirí leat le do mheasúnú teanga OLS!