Is í d’institiúid/d’eagraíocht seolta a chuireann rochtain ar an measúnú teanga ar fáil i do phríomhtheanga teagaisc, oibre nó oibre deonaí (an teanga atá á foghlaim).
Má tá earráid sa teanga foghlama a shanntar duit, nó dá mba mhaith leat í a athrú molaimid duit dul i dteagmháil le d’institiúid/d’eagraíocht seolta agus, go sonrach, le do Chomhordaitheoir OLS.
Is í d’institiúid/d’eagraíocht seolta amháin atá ábalta an teanga sin a athrú, agus chun é sin a dhéanamh, beidh ort sonraí rochtana nua a fháil ionas gur féidir leat tabhairt faoin measúnú teanga sa teanga atá faofa ag do Chomhordaitheoir OLS.