Cruthaíodh cúrsaí teanga ar líne chun cuidiú leat do scileanna teanga a fheabhsú le linn duit a bheith ag ullmhú do do shoghluaisteacht Erasmus+ nó Chór Dlúthpháirtíochta na hEorpa agus ar feadh do thréimhse soghluaisteachta. Níl na cúrsaí teanga éigeantach ach is deis duitse iad agus is fút féin é an leas is fearr a bhaint as an deis seo.
Is féidir leat a oiread modúl de chúrsa teanga OLS agus is mian leat a dhéanamh agus a oiread cleachtaí agus is mian leat a chur i gcrích, de réir do chuid riachtanas foghlama pearsanta. Ag deireadh do thréimhse soghluaisteachta, gheobhaidh tú taifead rannpháirtíochta freisin as freastal ar an gcúrsa teanga OLS.
Maidir le Mic Léinn Ardoideachais: d’fhéadfadh sé freisin go mbronnfadh d’institiúid/d’eagraíocht Ardoideachais bhaile creidiúintí ECTS ort as do rannpháirtíocht ghníomhach sa chúrsa teanga OLS. Iarraimid ort dul i dteagmháil le d’institiúid/d’eagraíocht seolta chun tuilleadh eolais a fháil.
Má tá cuireadh faighte agat cúrsa teanga OLS a dhéanamh ach nach mian leat nó nach bhfuil ar do chumas cúrsa teanga ar líne a dhéanamh, cuir d’institiúid/d’eagraíocht seolta ar an eolas sula logálfaidh tú isteach den chéad uair. Ní féidir le hinstitiúidí agus le heagraíochtaí seolta cuireadh a thabhairt ach amháin do líon teoranta rannpháirtithe soghluaisteachta chun an cúrsa teanga OLS a dhéanamh, dá bhrí sin is deis ar leith atá ann teacht a bheith agat ar an gcúrsa teanga OLS chun feabhas a chur ar do scileanna i dteanga oibre chlár do shoghluaisteachta.