Dearadh OLS chun cuidiú le rannpháirtithe Erasmus+ agus Chór Dlúthpháirtíochta na hEorpa feabhas a chur ar a n-eolas ar an teanga a mbeidh siad ag obair léi, ag déanamh staidéir léi nó ag obair mar oibrithe deonacha léi, roimh a dtréimhse lonnaithe thar lear agus lena linn, chun caighdeán foghlama níos fearr a chinntiú do lucht na soghluaisteachta.
Ó tharla go bhfuil an easpa cumas teanga ar cheann de na príomhchonstaicí ar rannpháirtíocht san oideachas, san oiliúint agus i ndeiseanna soghluaisteachta don óige san Eoraip i gcónaí, cuireann an OLS tacaíocht teanga ar fáil ar bhealach solúbtha agus éasca.