Faoi láthair tá OLS ar fáil dóibh seo a leanas:
- Mic Léinn Ardoideachais a bheidh ag dul ar shoghluaisteacht, lena mbaineann staidéir (3-12 mhí) nó cúrsaí oiliúna (2-12 mhí), idir tíortha atá rannpháirteach sa Chlár
- Oibrithe deonacha óga a bheidh ag tabhairt faoi ghníomhaíocht dheonach Erasmus+ nó Chór Dlúthpháirtíochta na hEorpa (2-12 mhí).
- Foghlaimeoirí Gairmoideachais agus Oiliúna (VET) ar shoghluaisteacht a mhaireann aon mhí amháin ar a laghad.
Féadfaidh mic léinn ardoideachais, oibrithe deonacha Erasmus+ agus foghlaimeoirí VET a mbeidh ceann amháin de na teangacha seo a leanas ina príomhtheanga shoghluaisteachta acu tairbhe a bhaint as OLS. Is é an sprioc atá ann an córas OLS a leathnú amach de réir a chéile le go mbeidh teangacha oifigiúla uile an AE fúithi faoi 2020.
Maidir leo siúd nach bhfuil a bpríomhtheanga shoghluaisteachta ar fáil in OLS fós, tabharfar tacaíocht teanga dóibh tríd an deontas tacaíochta d'eagraíochtaí (do mhic léinn ardoideachais) nó trí dheontais shonracha do thacaíocht teanga (d'oibrithe deonacha Erasmus+ agus d'fhoghlaimeoirí VET).