Is féidir achoimre i mbeagán focal a dhéanamh ar na buntáistí atá le cúrsaí teanga OLS: cleachtaí à la carte, san áit a bhfuil siad uait agus nuair atá siad uait. A bhuíochas ar an rochtain gan teorainn, is féidir leas a bhaint as na cúrsaí teanga de lá agus d'oíche, agus oiread staidéir is mian leat a dhéanamh, ar do luas féin.Ó tharla nach gá aon bhogearra a shuiteáil, is féidir cúrsaí teanga OLS a dhéanamh ó aon ríomhaire nó táibléad chomh fada is go bhfuil an gléas nasctha leis an Idirlíon. Chun an leas is fearr a bhaint as an gcúrsa, féach chuige go bhfuil na callairí casta air, nó go bhfuil na cluasáin plugáilte isteach.
Leagtar amach clár oiliúna pearsantaithe do gach úsáideoir. Ach tá an tsaoirse agat na modúil atá úsáideach duit a roghnú agus iad a leanúint ar do luas féin agus san ord a roghnaíonn tú. Tabharfaidh beochaintí agus físeáin bunaithe ar an saol mar atá deis duit do chuid scileanna i dtuiscint na cainte, i dtuiscint na léitheoireachta, sa scríbhneoireacht agus sa labhairt a chleachtadh.
Faoi láthair, cuimsíonn líon na gceadúnas i gcomhair chúrsaí teanga OLS, a gcuireann an Coimisiún Eorpach iad ar fáil, gach aon rannpháirtí soghluaisteachta Erasmus+ agus Chór Dlúthpháirtíochta na hEorpa a bhfuil ceann de theangacha OLS á úsáid aige/aici mar a bpríomhtheanga shoghluaisteachta. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an seans ag gach rannpháirtí soghluaisteachta a thugann faoin measúnú teanga OLS cúrsa teanga OLS a leanúint agus a scileanna teanga a fheabhsú, más mian leo sin a dhéanamh.