Ní bheidh uait ach ríomhaire (nó táibléad) a mbeidh nasc idirlín leis chun nascadh le suíomh gréasáin OLS agus measúnuithe teanga agus cúrsaí OLS a dhéanamh. Is ar líne go hiomlán atá OLS, agus dá bhrí sin ní gá bogearraí tríú páirtí ar bith a shuiteáil. Sula dtabharfar rochtain duit ar an measúnú teanga nó ar an gcúrsa teanga, déanfaidh an córas do ríomhaire a sheiceáil go huathoibríoch chun fáil amach an bhfuil na híosriachtanais air. Áirítear leis sin seiceáil ar an taifeach scáileáin, an brabhsálaí, bogearraí ilmheán (Adobe Flash nó HTML 5) agus comhaontú maidir le fianáin a úsáid.
Nuair a bheidh an measúnú teanga á dhéanamh agat, ba cheart duit cluasáin nó callairí a úsáid le haghaidh na gcleachtaí ar thuiscint na cainte.
Nuair a bheidh cúrsa teanga á dhéanamh agat ar líne, moltar duit micreafón a úsáid ionas go mbainfidh tú an tairbhe is fearr is féidir as na seisiúin teagaisc (ní theastaíonn aon mhicreafón I gcomhair na MOOCanna).
Ní mór Adobe Flash a shuiteáil chun na seisiúin teagaisc a leanúint. Sula ndéantar rochtain ar an gcúrsa teanga, seiceálann an córas go huathoibríoch an bhfuil Adobe Flash suiteáilte ar do ríomhaire agus cuirfear in iúl duit é mura sásaíonn do ríomhaire an riachtanas sin.
Tá OLS comhoiriúnach go fada fairsing leis na brabhsálaithe gréasáin, na breiseáin, na córais oibriúcháin agus na feidhmchláir is minice a úsáidtear. Nuair a bhí an córas á fhorbairt, úsáideadh cóid chaighdeán-chomhlíontacha lena chinntiú go n-oibreodh OLS go maith i dtimpeallachtaí éagsúla go leor agus le gléasanna éagsúla, idir na cinn is nuaí agus na cinn is sine, agus idir na cinn is bunúsaí agus na cinn is sofaisticiúla amuigh.
Tá OLS comhoiriúnach leis na príomhchórais oibriúcháin agus na príomhbhrabhsálaithe idirlín:
- Córas oibriúcháin: Microsoft® Windows® 2000, XP, Vista nó 7; Mac OS X® 10.1.
- Brabhsálaí idirlín: Internet Explorer® (leagan 7 agus níos airde), Firefox® (leagan 3 agus níos airde), Chrome®, Safari®, Android® 4.0 agus níos airde, agus iOS® 6 agus níos airde.