Rachaidh na ceadúnais le haghaidh OLS a úsáid as feidhm sa chás nach ngníomhachtaíonn tú iad sa tréimhse ama a bhí leagtha síos ag d'institiúid nó d’eagraíocht seolta duit. Ciallaíonn sé sin nach mbeidh tú in ann, tar éis dáta áirithe, dul isteach ar OLS chun do mheasúnú teanga ná do chúrsa teanga a dhéanamh. Is í d'institiúid/d’eagraíocht seolta a shocróidh an dáta seo agus beidh sé sonraithe sa ríomhphost tairisceana atá faighte agat.
Beidh rochtain agat ar na cúrsaí teanga fad is a mhairfidh do shoghluaisteacht, ach is gá duit do cheadúnas a ghníomhachtú taobh istigh de mhí amháin ón am a bhfaighidh tú an tairiscint. Mar sin, má théann tú ar shoghluaisteacht a mhairfidh sé mhí, mar shampla, is gá duit logáil isteach ar an gcúrsa teanga taobh istigh d'aon mhí amháin tar éis duit an tairiscint a fháil. Beidh rochtain agat ansin ar chúrsa teanga OLS ar feadh an achair chéanna is a mhairfidh an tréimhse shoghluaisteachta (e.g sé mhí), ag tosú leis an am a ghníomhachtaíonn tú do cheadúnas – is é sin sé mhí ó do chéad rochtain ar an gcúrsa teanga.