Tá an measúnú teanga OLS éigeantach do na rannpháirtithe agus iad ag tabhairt faoi thréimhse shoghluaisteachta Erasmus+ nó Chór Dlúthpháirtíiochta na hEorpa i dtaca le staidéir, cúrsaí oiliúna nó obair dheonach i dTír eile atá sa Chlár, agus a bhfuil ceann de na teangacha seo a leanas acu mar phríomhtheanga teagaisc, oibre nó oibre deonaí (seachas cainteoirí dúchais). Beidh an measúnú teanga tosaigh le déanamh sula dtosóidh an tréimhse shoghluaisteachta agus beidh an measúnú teanga deiridh le déanamh ag deireadh na tréimhse soghluaisteachta.
Maidir le Mic Léinn Ardoideachais, is réamhriachtanas é chomh maith chun tabhairt faoin tréimhse shoghluaisteachta. Is féidir leis an institiúid/eagraíocht seolta a shocrú an ndéanfar nó nach ndéanfar tráthchuid deiridh an taca airgid a íoc, ag brath ar an measúnú teanga deiridh OLS a bheith curtha i gcrích, ag deireadh na tréimhse soghluaisteachta. Ba cheart é sin a shonrú in alt 6.3 den chomhaontú deontais.