Bíonn rochtain gan teorainn ag úsáideoirí uile chúrsa teanga OLS ar an gcúrsa i rith a dtréimhse soghluaisteachta. Dá bhrí sin, féadfaidh tú an nasc a úsáid cibé líon uaireanta is mian leat. Beidh tú in ann breathnú freisin ar an méid ama atá caite agat ar an ardán má chliceálann tú ar an deilbhín “Socruithe” ar dheis ar bharr dheais an chúrsa teanga.
"Roghnaigh “Dul chun cinn” chun breathnú ar an méid ama atá caite agat ar theanga a fhoghlaim le OLS.
Is féidir leat, freisin, Taifead Rannpháirtíochta, ina luaitear an méid uaireanta atá caite agat ar an gcúrsa teanga OLS, a íoslódáil."
Molann Tacaíocht Teanga ar Líne dhá uair an chloig ar a laghad in aghaidh na seachtaine a chaitheamh le staidéar a dhéanamh ar an gcúrsa teanga ar líne.
Dá mhéid ama agus dua a chaithfidh tú leis, is ea is mó an dul chun cinn a dhéanfaidh tú. Moltar duit freisin a bheith i dtimpeallacht na teanga go laethúil. Má bhíonn tú ag léamh alt as nuachtáin, ag éisteacht leis an raidió, nó ag breathnú ar an teilifís sa sprioctheanga, éireoidh leat níos mó dul chun cinn fós a dhéanamh.
Ag deireadh do thréimhse soghluaisteachta, gheobhaidh tú taifead rannpháirtíochta freisin as freastal ar an gcúrsa teanga OLS.
Maidir le Mic Léinn Ardoideachais: d’fhéadfadh sé freisin go mbronnfadh d’institiúid/d’eagraíocht seolta creidiúintí ECTS ort as do rannpháirtíocht ghníomhach sa chúrsa teanga OLS. Iarraimid ort dul i dteagmháil le d’institiúid/d’eagraíocht seolta chun tuilleadh eolais a fháil.