Seisiúin teagaisc agus MOOCanna atá san oiliúint bheo atá ar fáil le haghaidh trí leibhéal (A, B, C): mar sin déantar na leibhéil A1 agus A2, B1 agus B2, agus C1 agus C2, faoi seach, a chumasc le chéile. Is féidir rochtain a fháil ar an oiliúint bheo tríd an táb "Oiliúint Bheo" atá ar chúrsaí teanga OLS sna teangacha seo a leanas.
Is seisiúin théamacha (i.e. seisiúin atá dírithe ar théama ar leith) nó 'saorsheisiúin' a bhíonn sna seisiúin teagaisc. Tugann 'saorsheisiúin' deis do rannpháirtithe na topaicí agus na gnéithe den teanga ar mian leo dul ag obair orthu a roghnú. Ó tharla go mbíonn na ranganna beag (idir duine amháin agus seisear), féachtar chuige go ndírítear ar riachtanais shonracha na bhfoghlaimeoirí sna seisiúin teagaisc. Cá bhfios, ach an t-ádh a bheith ar dhuine, nach seisiún duine le duine a bheadh ann.
Ranganna leathuair an chloig a bhíonn sna MOOCanna agus bíonn siad dírithe ar ábhair shonracha. Tabharfaidh na teagascóirí breis eolais ar an ábhar sin duit fad is a bheidh an físeán, a mhairfidh leathuair an chloig, ar siúl. Má bhíonn aon cheist le cur agat, féadfaidh tú leas a bhaint as cnaipe comhrá an tseisiúin le ceist a chur ar an teagascóir nó féadfaidh tú do smaointe a roinnt leis na rannpháirtithe eile a bheidh ag freastal ar an seisiún.