Más mac léinn ardoideachais tú atá chun tabhairt faoin gcéad mheasúnú teanga OLS sa Ghearmáinis, Béarla, Spáinnis, Fraincis, Iodáilis, Ollainnis nó Portaingéilis, tabharfar cuireadh duit go huathoibríoch tríd an r-phost an cúrsa teanga OLS sa teanga chéanna leis an measúnu a dhéanamh má fhaigheann tú toradh idir leibhéal A1 agus B1 den CTET. Maidir leis an mBulgáiris, Seicis, Danmhairgis, Eastóinis, Gréigis, Cróitis, Latvais, Liotuánais, Ungáiris, Polainnis, Rómáinis, Slóvaicis, Slóivéinis, Fionlainnis agus Sualainnis, gheobhaidh tú do cheadúnas cúrsa teanga go huathoibríoch má fhaigheann tú toradh faoi leibhéal A2 de chuid an CTET sa chéad mheasúnú teanga a rinne tú.
Maidir le gach toradh eile, beidh tú ábalta cúrsa teanga OLS a dhéanamh sa phríomhtheanga teagaisc nó oibre, nó i dteanga logánta cheann scríbe do shoghluaisteachta Erasmus+, ar an gcoinníoll go bhfuil an teanga seo ar fáil san OLS. Gheobhaidh tú fógra ar an r-phost ó d’institiúid/d’eagraíocht seolta go bhfuil cuireadh á thabhairt duit teacht ar chúrsa teanga OLS.
Tabhair faoi deara: seolfar ceadúnas cúrsa teanga go huathoibríoch chugat más rud é gur roghnaigh tú teanga shoghluaisteachta agus tú ag roghnú teanga(cha) lena (bh)foghlaim le OLS. Déanfar amhlaidh in ainneoin an toraidh a fhaigheann tú i do mheasúnú teanga agus ar an gcoinníoll go bhfuil leibhéal riachtanach an chúrsa teanga ar fáil.
Más foghlaimeoir Gairmoideachais agus Oiliúna (VET) thú nó oibrí deonach Erasmus+, déanfaidh na hinstitiúidí seolta/glactha agus eagraíochtaí comhordaithe Erasmus+ agus Chór Dlúthpháirtíochta na hEorpa an cinneadh cé hiad na rannpháirtithe a dtabharfar cuireadh dóibh cúrsa teanga OLS a dhéanamh, bunaithe ar chumas agus riachtanais teanga an duine aonair. Cuirtear institiúidí seolta/eagraíochtaí comhordaithe ar an eolas go huathoibríoch nuair a chríochnaítear measúnuithe teanga, agus i ndiaidh an fhógra seo, déanann siad cinneadh cé acu an dtabharfar rochtain ar chúrsaí teanga OLS nó nach dtabharfar agus cé dóibh a dtabharfar an rochtain sin, agus torthaí an mheasúnaithe teanga tosaigh á gcur san áireamh.
Mura bhfuil r-phost faighte agat agus cuireadh ann cúrsa teanga OLS a dhéanamh, seiceáil d’fhillteán turscair/táb dramhphoist do bhosca isteach, nó déan teagmháil le d’institiúid/d’eagraíocht seolta (Comhordaitheoir).