Clár nua an AE um oideachas, oiliúint, óige agus spórt don tréimhse 2014‑2020 is ea Erasmus+. Tugtar deiseanna faoi Erasmus+ staidéar nó obair dheonach a dhéanamh, nó oiliúint nó taithí oibre a fháil thar lear agus is ceann dá chuspóirí straitéiseacha cur le scileanna teanga agus tacú le foghlaim teangacha.
Is é Cór Dlúthpháirtíochta na hEorpa tionscamh nua an Aontais Eorpaigh a chruthaíonn deiseanna do dhaoine óga obair nó obair dheonach a dhéanamh ina dtíortha féin agus thar lear chomh maith. Is chun tairbhe na bpobal agus na daoine ar fud na hEorpa na tionscadail sin.
Ceapadh Tacaíocht Teanga ar Líne (OLS) le cúnamh a thabhairt do rannpháirtithe i scéim soghluaisteachta Erasmus+ agus Chór Dlúthpháirtíochta na hEorpa feabhas a chur ar a n-eolas ar an teanga a bheidh in úsáid acu agus iad ag obair, ag staidéar nó ag obair go deonach, sula rachaidh siad thar lear agus fad is a bheidh siad thar lear, chun soghluaisteacht foghlama ar chaighdeán níos fearr a chinntiú.
Tá ganntanas ó thaobh inniúlachta teanga de fós ar cheann de na constaicí is mó a chuireann bac ar dhaoine deiseanna soghluaisteachta a bhaineann le hoideachas, oiliúint agus an óige a thapú san Eoraip. Is mar gheall air sin a chuireann OLS tacaíocht teanga ar fáil ar bhealach éasca solúbtha.
Tairgeann OLS measúnuithe teanga ar líne agus cúrsaí teanga dóibh siúd atá chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta Erasmus+ a mhairfidh dhá mhí ar a laghad (staidéar[1] / cúrsaí oiliúna / gníomhaíochtaí deonacha) agus a bhfuil ceann de na teangacha seo a leanas mar phríomhtheanga oibre acu. I mí an Mheithimh 2015, leathnaíodh amach an tseirbhís chun go mbeadh fáil uirthi ag foghlaimeoirí Gairmoideachais agus Oiliúna (VET) a ghlacfadh páirt i soghluaisteacht a mhairfeadh naoi lá dhéag ar a laghad, agus ó Nollaig 2018, tá OLS ar fáil ag rannpháirtithe deonacha, oiliúna agus oibre i gCór Dlúthpháirtíochta na hEorpa.
Is é an sprioc atá ann an córas OLS a leathnú amach de réir a chéile le go mbeidh teangacha oifigiúla uile an AE fúithi faoi 2020. Maidir leo siúd nach bhfuil a bpríomhtheanga shoghluaisteachta san OLS fós, tabharfar tacaíocht teanga dóibh tríd an deontas tacaíochta eagrúcháin (do mhic léinn ardoideachais) nó trí dheontais shonracha do thacaíocht teanga (d'oibrithe deonacha Erasmus+, rannpháirtithe Chór Dlúthpháirtíochta na hEorpa agus d'fhoghlaimeoirí VET).
Timpeallacht ar líne atá uathúil agus éasca le rochtain a fháil uirthi is ea OLS ina bhféadfaidh na daoine a bheidh ag tabhairt faoi chláir Erasmus+ Chór Dlúthpháirtíochta na hEorpa agus a shásóidh na critéir sin thuas measúnú a dhéanamh ar an eolas atá acu ar an teanga shoghluaisteachta agus cúrsa teanga idirghníomhach a dhéanamh ar a luas féin, más mian leo sin a dhéanamh. Gabhann deiseanna breise don fhoghlaim i gcomhar agus don phiarfhoghlaim le OLS freisin, amhail oiliúint bheo i dtopaicí éagsúla do ghrúpaí beaga foghlaimeoirí (seisiúin teagaisc) nó do ghrúpaí níos leithne (MOOCanna), mar aon le fóram stiúrtha d'fhoghlaimeoirí mar ar féidir leo eolas a mhalartú agus tacaíocht a thabhairt dá chéile le linn a soghluaisteachta.
[1] Tabhair do d'aire nach mbeidh mic léinn i mbun Céim Mháistir Ilábhar incháilithe ar an scéim.