Cuireann an measúnú teanga OLS bealach éasca agus simplí ar fáil do rannpháirtithe Erasmus+ Chór Dlúthpháirtíochta na hEorpa a gcumas a mheas sa teanga a mbainfidh siad úsáid aisti den chuid is mó chun staidéar, obair nó obair dheonach a dhéanamh le linn a dtréimhse soghluaisteachta thar lear. Má thugann siad faoin measúnú teanga OLS, beidh siad ábalta a leibhéal foriomlán sa teanga a mheas, chomh maith lena dtoradh sonraithe maidir le gach inniúlacht ar leith (tuiscint na léitheoireachta, tuiscint na cainte, inniúlacht sa ghramadach agus inniúlacht san fhoclóireacht), agus na scóir dheiridh de réir Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CTET).
Is bealach tapa é measúnú teanga OLS freisin do rannpháirtithe le fáil amach an mbeidh tacaíocht teanga sa bhreis ag teastáil uathu chun an tairbhe is fearr a bhaint as an tréimhse thar lear.
Tá an measúnú teanga OLS éigeantach. Ní mór do dhaltaí ardoideachais an measúnú teanga a dhéanamh roimh imeacht dóibh mar is réamhriachtanas don tréimhse shoghluaisteachta atá ann. Ach ní chuirfidh torthaí an mheasúnaithe cosc orthu in aon chás, áfach, páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht soghluaisteachta. Os a choinne sin, beidh seans ag rannpháirtithe cúrsa teanga a dhéanamh chun feabhas a chur ar a leibhéal teanga agus chun go mbeidh siad ullmhaithe níos fearr dá soghluaisteacht.
Má dhéanann siad an measúnú teanga deiridh OLS ar fhilleadh ón tsoghluaisteacht dóibh, beidh an deis acu siúd a ghlac páirt in Erasmus+ agus i gCór Dlúthpháirtíochta na hEorpa meastóireacht a dhéanamh ar an bhforbairt a tháinig ar a leibhéal teanga fad is a bhí siad thar lear. Chomh maith leis sin, cuideoidh an measúnú teanga deiridh le rannpháirtithe a ndul chun cinn a mheas. Nuair a bheidh gach aon cheann de mheasúnuithe OLS déanta acu, beidh siad in ann a dtorthaí sa mheasúnú teanga a shábháil agus a phriontáil le húsáid amach anseo.
Bainfidh an Coimisiún Eorpach leas as sonraí comhiomlánaithe mheasúnú teanga agus chúrsaí OLS chun críocha staitistiúla, chun tionchar na ngníomhaíochtaí soghluaisteachta agus chláir Erasmus+ agus Chór Dlúthpháirtíochta na hEorpa ó thaobh cur le scileanna teanga de a mheasúnú.