Maidir le rannpháirtithe soghluaisteachta Erasmus+ agus Chór Dlúthpháirtíochta na hEorpa nach bhfuil a bpríomhtheanga shoghluaisteachta fós ar fáil in OLS, cuirtear tacaíocht teanga ar fáil tríd an Deontas Tacaíochta Eagrúcháin (do mhic léinn ardoideachais) nó trí dheontais shainiúla le haghaidh tacaíocht teanga (d’oibrithe deonacha Erasmus+, d’fhoghlaimeoirí VET agus do rannpháirtithe Chór Dlúthpháirtíochta na hEorpa).
Maidir leis an Ardoideachas, ní cheadaítear cúrsa teanga OLS agus cúrsaí teanga ar an láthair, arna maoiniú ag Tacaíocht Eagrúcháin an Chláir, araon a dhéanamh, ar fhaitíos go gcuimsíonn siad an t‑ábhar céanna. Más ábhar éagsúil atá iontu, mar shampla más í aidhm an chúrsa teanga ar an láthair inniúlachtaí idirchultúrtha agus foghlaim faoi chultúr na tíre glactha a fhorbairt, d’fhéadfaí é a cheadú. Ar aon chuma, is faoin institiúid/eagraíocht seolta a mheas an bhfuil aon tairbhe breise le cúrsa ar an láthair a ghlacadh mar chuid den tsoghluaisteacht, nuair a chuirtear san áireamh go mbeidh cúrsa teanga OLS déanta cheana ag an rannpháirtí soghluaisteachta.