Is féidir le Gníomhaireachtaí Náisiúnta agus leis an gCoimisiún Eorpach do shonraí (e.g. tír na soghluaisteachta, tréimhse shoghluaisteachta, etc.) a úsáid chun críocha monatóireachta agus staidrimh.
Comhlíonann an méid sin Rialachán (AE) Uimhir 2018/1725 de Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle den 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le cosaint daoine nádúrtha i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus le saorghluaiseacht a leithéidí de shonraí, agus maidir le haisghairm Rialachán (CE) Uimhir 45/2001 agus Cinneadh Uimhir 1247/2002/CE[1].
Maidir leis na suíomhanna gréasáin a mbíonn an t-eolas sin á iarraidh acu, caitheann siad leis de réir an bheartais a ndéantar cur síos air sa Rialachán thuasluaite, mar atá luaite ina ráitis phríobháideachais shonracha.
Tá ráiteas príobháideachais OLS ar fáil i limistéar na rannpháirtithe. Má ghlacann tú leis na téarmaí agus na coinníollacha déanfar tú a atreorú chuig suíomh gréasáin OLS agus beidh tú ábalta leanúint le do chlárú. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil sa ráiteas príobháideachais. Ina theannta sin, maidir leis na sonraí uile a bhaineann le rannpháirtithe shoghluaisteacht Erasmus + agus Chór Dlúthpháirtíochta na hEorpa - de réir théarmaí agus choinníollacha an chonartha idir an EACEA agus an soláthraí seirbhíse – beidh na sonraí sin ina maoin de chuid an AE i gcónaí agus ní fhéadfaidh an soláthraí seirbhíse iad a úsáid ná a dháileadh.
Stóráiltear na sonraí pearsanta go léir a bailíodh agus gach eolas ábhartha ar fhriothálaithe slána an tsoláthraí seirbhíse (Altissia) ar feadh achar an chonartha leis an gCuibhreannas UCL – ALTISSIA – CLL.