Cúrsa Teanga
Treoir d'Úsáideoirí
- Réamhrá
- Rochtain agus Ceangal i dtaca le hArdán OLS
- Mo Chúrsa Teanga OLS
- Teanga an Chomhéadain
- Cabhair
- Taifead Rannpháirtíochta i dtaca leis na Cúrsaí Teanga
- Réamhrá
- Rochtain agus Ceangal i dtaca le hArdán OLS
- Mo Chúrsa Teanga OLS
- Teanga an Chomhéadain
- Cabhair
- Taifead Rannpháirtíochta i dtaca leis na Cúrsaí Teanga
Réamhrá
Fáilte chuig an treoir d'úsáideoirí seo atá deartha chun tú a chur ar an eolas faoin ardán OLS (Tacaíocht Teanga ar Líne) agus chun cuidiú leat é a úsáid roimh do thréimhse shoghluaisteachta Erasmus + agus An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, lena linn agus ina dhiaidh. San áireamh ar shuíomh gréasáin OLS tá cúrsaí teanga a bhfuil teacht orthu ag mic léinn ardoideachais, oiliúnaithe, deonaithe agus mic léinn Gairmoideachais agus Oiliúna (VET).
Rochtain agus Ceangal i dtaca le hArdán OLS
Tar éis duit do chéad mheasúnú teanga a chur i gcrích, gheobhaidh tú cuireadh ar an r-phost cláru i gcomhair cúrsa teanga ar líne (má bhíonn ceadúnas cúrsa teanga sannta duit ag d'institiúid seolta/d'eagraíocht chomhordaithe). Tar éis duit é sin a fháil, beidh teacht agat ar an gcúrsa trí cheangal le hardán OLS nó le haip OLS leis na faisnéisí aitheantais logála isteach céanna ar bhain tú úsáid astu i gcomhair an mheasúnaithe teanga.
Más rannpháirtí Ardoideachais thú agus más rud é gur léirigh tú cheana gur mhaith leat cúrsa OLS a leanúint i dteanga áitiúil/dteangacha áitiúla na spriocthíre, tabharfar rochtain duit ar chúrsaí i do theanga shoghluaisteachta agus i dteanga áitiúil oifigiúil/dteangacha áitiúla oifigiúla na spriocthíre. Beidh tú ábalta na cúrsaí teanga a rochtain ón Deais shoghluaisteachta.
Tabhair ar d'aire, más é do thoil é: Ma bhíonn tú ag glacadh páirte i níos mó ná tréimhse shoghluaisteachta amháin, d'fhéadfadh sé go mbeadh ceadúnas cúrsa teanga agat cheana féin. Má fhaigheann tú rochtain bhreise ar an gcúrsa teanga céanna i gcomhair do thréimhse shogluaisteachta nua, déanfar do dhul chun cinn a shábháil agus leathnófar do thréimhse rochtana chun do dhátaí nua soghluaisteachta a chur san áireamh.
Mo Chúrsa Teanga OLS
Mo Chonair Foghlama á Roghnú
Nuair a dhéanann tú rochtain ar an ardán OLS den chéad uair, iarrfar ort an cineál cúrsa ar mhaith leat a ghlacadh a roghnú. Cruthóidh OLS conair foghlama phearsantaithe duit ansin. Cruthaíonn an chéim sin, in éineacht le torthaí do chéad mheasúnaithe teanga, do chonair foghlama phearsantaithe go huathoibríoch, tríd an bhfaisnéis atá le feiceáil ar do leathanach baile agus an tslí a dhéanann tú na gníomhaíochtaí ar an suíomh a nascleanúint a chinneadh.
Tabhair ar d'aire, más é do thoil é: Má bhíonn an cúrsa teanga OLS i dtaca le teanga áitiúil á úsáid agat, iarrfar ort féinmheasúnú ar do leibhéal sa teanga seo a sholáthar, os rud é go mbeidh an chéad mheasúnú teanga curtha i gcrích agat i dteanga eile.
Nascleanúint trí mo Cheachtanna
Ar leathanach baile an chúrsa teanga OLS, is féidir leat teacht ar ghníomhaíochtaí foghlama agus ar uirlisí eile, amhail do phróifíl, do scóir agus tuilleadh. Beidh tú ábalta do chonair foghlama a fheiceáil anseo chomh maith nó neascleanúint tríd an gcúrsa agus an rogha "Gach Ceacht" á úsáid.
Tabhair ar d'aire, más é do thoil é: Tá gnéithe áirithe ar an ardán nach bhfuil ar fáil ach i dteangacha foghlama áirithe, mar sin d'fhéadfadh go mbeadh athrú ar do leathanach baile ó chúrsa teanga amháin go ceann eile.
Mo Chonair Foghlama Phearsantaithe
Taispeánfar torthaí do chéad mheasúnaithe teanga nó d'fhéinmheasúnaithe ar do leathanach baile, agus molfar an chéad ghníomhaíocht chun tús a chur le do chonair foghlama phearsantaithe. Beidh an chonair foghlama sin pearsantaithe i dtaca le do riachtanais agus do shuimeanna, agus treoróidh sé tú tríd do chúrsa teanga agus "Misin" teanga le comhlánú agat.
Gach Ceacht (nascleanúint saor)
Tugann an táb Gach Ceacht rochtain dhíreach duit ar na hacmhainní foghlama go léir atá ar fáil ar ardán OLS.
Gníomhaíochtaí atá ar Fáil
Beidh suas le cúig chineál gníomhaíochta ar fáil duit, ag brath ar do theanga foghlama. Is féidir leat brabhsáil go héasca ó cheann go ceann de réir do chuspóirí agus do leibhéil.
- Cuireann na táib "Baile" agus "Gach Ceacht" rochtain ar fáil duit ar acmhainní chúrsa OLS.
- Áirítear MOOCanna beo agus Seisiúin Teagaisc san Oiliúint Bheo.
- Cuireann an rannóg "Seisiúin Críochnaithe" sa táb "Oiliúint Bheo" rochtain saor in aisce ar fáil ar gach seisiún MOOC a craoladh beo roimhe sin.
- Is áit é an Fóram chun dul i gcumarsáid le rannpháirtithe OLS eile agus is féidir teacht air trí ríomhaire deisce.
- Tá físeáin agus ailt sa rannóg Nuacht.
Misin Cúrsa Teanga
Misean Stóir Focal
Staidéar ar Cheacht
Chun ceacht a roghnú, cliceáil ar a theideal nó a íomhá.
Conas a Oibríonn sé
I ngach ceacht atá i "Misean", tá gearrthóg bheochana, grúpa cleachtaí a cheadaíonn athbhreithniú tapa agus cleachtadh ar an stór focal sa sprioctheanga, cleachtaí fuaimnithe, athbhreithniú ar stór focal le spléach-chártaí agus triail achomair.
Conas na Modúil Stóir Focal a Úsáid
Cuireann an chuid Stór Focal "spléach-chártaí" i láthair a léiríonn focail agus frásaí a ndearna tú staidéar orthu sa cheacht. Soláthraíonn na spléach-chártaí sin sainmhíniú ar gach focal agus frása agus abairt shamplach ar féidir leat éisteacht leo chun an fuaimniú ceart a chloisteáil.
Triail Achomair
Is é an aidhm leis an triail achomair a sheiceáil go bhfuil na focail agus na nathanna cainte a ndearna tú staidéar orthu foghlamtha i gceart agat. Cuirfear ceartúcháin ar na habairtí ar freagraíodh go mícheart iad ar fáil agus gheobhaidh tú scór ag deireadh na trialach.
Modúl Gramadaí
Staidéar ar Cheacht
Chun ceacht ar leith a roghnú, cliceáil ar a theideal nó ar a íomhá. Is féidir leat ábhair ghramadaí, amhail aimsirí éagsúla, aidiachtaí, ailt nó ord na bhfocal, a roghnú, ag brath ar do theanga foghlama.
Rialacha Gramadaí agus Cleachtaí
Cliceáil ar theideal rannóige chun teacht air. Ansin taispeánfar an riail ghramadaí don cheacht seo. Beidh cleachtaí éagsúla ann i ndiaidh gach riail ghramadaí chun cuidiú leat an riail ghramadaí a chleachtadh i gcomhthéacs cumarsáide. Is féidir leat teacht ar na cleachtaí sin trí chliceáil orthu.
Stór Focal Gairmiúil
Tugann an modúl "Stór Focal Gairmiúil", atá dírithe ar rannpháirtithe a bhfuil leibhéal A2 ar a laghad bainte amach acu sa chéad mheasúnú teanga, deis duit díriú ar thopaicí níos speisialaithe a bhfuil baint dhíreach acu le hearnálacha nó réimsí gairmiúla. Más "Baincéireacht", "Eolaíocht", "Iompar & Lóistíocht" nó "Scileanna Acadúla" atá sa téama, tá an stór focal agus na gníomhaíochtaí a fhaightear sna rannóga sin bunaithe ar chúrsaí sa saol gairmiúil.
Tá cleachtaí tuisceana, deachtaithe agus litrithe in éineacht le gach ceacht. Tá an rannóg seo bunaithe ar an struchtúr céanna leis an modúl stóir focal réamhluaite, atá mínithe thuas.
Oiliúint Bheo
Tá 2 mhodúl san Oiliúint Bheo agus tá teacht uirthi ó do leathanach baile:
- MOOCanna , ar físeáin oideachasúla idirghníomhacha iad, deartha ag teagascóirí ar cainteoirí dúchais na teanga iad. Le linn an cheachta, beidh an rogha agat labhairt le do theagascóir chomh maith leis na rannpháirtithe eile.
- Seisiúin Teagaisc , ar ceachtanna beo 30 nóiméad ar líne iad, le teagascóir agus rannpháirtithe eile OLS. Bíonn gach seisiún teagaisc á mhúineadh ag teagascóir ar cainteoir dúchais a bhfuil taithí aige nó aici atá ann. Sna seisiúin sin, bíonn an deis agat do scileanna labhartha a cleachtadh, tú a cheartú, agus a raibh á fhoghlaim agat ar ardán OLS a dhaingniú. Is féidir leat idrghníomhú a dhéanamh le rannpháirtithe eile sa rang (seisear ar a mhéad in aghaidh an tseisiúin).
Beidh tú ábalta gach seisiún teagaisc sceidealaithe agus MOOCanna a fheiceáil ar do dheais oiliúna beo. Chomh luath is atá seisiún faighte agat a bhfuil suim agat ann, cliceáil ar "Cláraigh".
Beidh an seomra ranga oscailte 10 nóiméad roimh thús an tseisiúin. Chun dul isteach sa seomra ranga cliceáil ar "Rochtain ar an seomra ranga".
MOOCanna Beo
Tá gach seisiún ar leith dírithe ar ábhar sainiúil atá deartha chun cuidiú leat cumarsáid a dhéanamh le linn do thréimhse soghluaisteachta Erasmus + agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Léireofar na hábhair agus leibhéil na seisiún gach seachtain ar an deais. Tairgtear seisiúin ar bhonn malartach maidir le leibhéil A, B agus C.
Is féidir leat páirt a ghlacadh ina oiread MOOCanna a thograíonn tú, fad is atá tú cláraithe. Ní theastaíonn aon dearbhán chun clárú i gcomhair na MOOCanna.
Le linn an MOOC, beidh an deis agat labhairt le do theagascóir agus le rannpháirtithe eile chun aon cheist atá agat a chur.
Seisiúin teagaisc
Tugann na Seisiúin Teagaisc deis duit cleachtadh labhartha a dhéanamh le teagascóir ar cainteoir dúchais é nó í agus le suas le cúigear rannpháirtithe eile. Roinn do thaithí agus bain tairbhe as ceartú ar bhonn aonair agus as aiseolas a fháil le linn seisiúin. Is féidir páirt a ghlacadh i gcluichí, díospóireachtaí, rólimirt, cleachtaí dúshlánacha agus tuilleadh le linn na seisiún sin. Cabhróidh na gníomhaíochtaí seo leat d'fhuaimniú agus do stór focal a fheabhsú agus do mhisneach nuair a bhíonn tú ag labhairt a fhorbairt.
Tá rogha agat idir na seisiúin seo a leanas:
- Seisiúin théamabhunaithe: roghnaíonn an teagascóir téama an tseisiúin
- Seisiúin Ábhar Oscailte: roghnaíonn na rannpháirtithe téama an tseisiúin ag tús an ranga.
Eagrú agus Clárú
Dearbháin
Maireann na seisiúin teagaisc ar feadh 30 nóiméad agus is féidir le suas le seisear rannpháirtithe a bheith ann. Beidh dearbhán amháin ag teastáil uait i gcomhair seisiúin amháin 30 nóiméad. Beidh líon na ndearbhán a shanntar duit i gcomhréir le líon sheachtainí do thréimhse soghluaisteachta. Beidh dearbhán amháin ceadaithe duit as dhá sheachtain de thréimhse shoghluaisteachta, le húsáid in aon seisiúin a thograíonn tú.
Clárú
Tá na seisiúin rangaithe de réir teanga agus leibhéil (A, B agus C) agus tairgtear iad idir 09:00 agus 16.00 (UTC + 1; UTC + 2 Am Samhraidh Lár na hEorpa). Ní mór duit cláru ar a laghad 24 uair an chloig roimh sheisiún.
Tá teorainn de sheisear rannpháirtithe i seisiún teagaisc. Is féidir leat do dheais a sheiceáil am ar bith chun a fheiceáil an bhfuil áit ar bith ar fáil sa seisiún téamach a bhfuil suim agat freastal air.
Fearas
Tabhair ar d'aird, más é do thoil é, go bhfuil cluasáin, micreafón agus ceamara gréasáin riachtanach chun an tairbhe is fearr a bhaint as na seisiúin teagaisc.
Leabharlann MOOC
Beidh tú ábalta MOOCanna a taifeadadh roimhe sin a fheiceáil má théann tú chuig rannóg na Leabharlainne MOOC. Tá siad rangaithe de réir leibhéil, ó leibhéal A go leibhéal C. Is féidir leat féachaint orthu chomh minic is a thograíonn tú.
Fóram
Is spás atá in Fóram, a bhfuil teacht air ó do leathanach baile ar ríomhaire deisce nó glúine, chun smaointe a mhalartú le rannpháirtithe eile agus teagascóir, i do theanga foghlama. Is féidir leat d'eolas agus do thaithí a roinnt, cabhrú le rannpháirtithe eile agus ábhair nua díospóireachta a mholadh. Chun a chinntiú go bhfuil pobal iomlán OLS ábalta tairbhe a bhaint as do cheisteanna agus do fhreagraí, iarraimid ort do cheisteanna a chur isteach i do theanga foghlama (nó i mBéarla, más cainteoir leibhéal A tú).
Nuacht
Cuireann an modúl Nuacht ar do chumas do scileanna tuisceana a fhorbairt tríd an nuacht idirnáisiúnta a léamh. Postáiltear ailt agus físeáin nua go rialta, agus bíonn an nuacht agus na cúrsaí reatha is déanaí ann.
Déan brabhsáil ar na hailt agus cliceáil ar na focail a bhfuil líne fúthu chun sainmhíniú agus aistriúchán a fháil. Cuireann an rogha Quiz ar do chumas do thuiscint ar an alt a sheiceáil.
Tá físeáin ar fáil le fotheidil i do theanga foghlama. Cliceáil ar fhocail na bhfotheideal chun a míniú a fháil. Bíonn quiz le cuid de na físeáin.
Teanga an Chomhéadain
Más mian leat ardán OLS a fheiceáil i dteanga eile, is féidir leat teanga an chomhéadain a athrú trí chliceáil ar an roghchlár anuas ar bharr an leathanaigh. Má bhíonn aip OLS á húsáid agat , is féidir leat teanga an chomhéadain a athrú trí chliceáil ar "Teanga" sa táb "Socruithe".
Cabhair
Is féidir leat teacht ar an rannóg "Cabhair" ó do leathanach baile sa táb "Socruithe" Cuireann an rannóg sin faisnéis mhionsonraithe ar fáil faoin ardán agus rochtain ar do phróifíl, dá mba mhian leat í a chur in eagar. Molaimid duit buntáiste a bhaint as an turas treoraithe a chuireann gnéithe éagsúla chúrsaí teanga OLS i láthair.
Taifead Rannpháirtíochta i dtaca leis na Cúrsaí Teanga
Nuair a théann do thréimhse rochtana ar chúrsa teanga OLS in éag, gheobhaidh tú r-phost a mbeidh comhad PDF le do thaifead rannpháirtíochta ann. Mar mhalairt air sin, is féidir leat é a íoslódáil ó Dheais Shoghluaisteachta ardán OLS trí chliceáil ar "Taifead Rannpháirtíóchta". Taispeánfar an líon uaireanta atá caite agat ar do chúrsa teanga OLS sa taifead sin.
Tá súil againn go mbeidh taithí rathúil agat le do chúrsa teanga OLS!